Séid an fheadóg
by , 11/05/2010 at 4:32 PM (1425 Views)
Eugene McGivern takes his regular look at football As Gaeilge
Tá jab crua ag an réiteoir gan dabht ach gan é (nó í) le súile géarra agus an fheadóg le fuaim árd agus caol níl bheadh cluiche peile ar siúl ar chor ar bith. Do thosaigh mé ag smaoineamh faoin fheadóg agus an sórt atá ag an fear/bean sa lár. Tá rogha maith le fáil; an Balilla A-1 Metal Whistle déanta san Iodáil á úsáid i Serie A, an Fox 40 Classic ó Ceanada á úsáid i gCorn an Domhain 1990, 1994 agus 2002, an Acme Cyclone 888 gan aon pis inti, an Acme Tornado T2000 mólta ag UEFA agus FIFA, an Acme Thunderer uimhir 63 agus slr. Tá fheadóg Acme (Níl mé ag caint faoi Bugs Bunny!) á dhéantús i mBermingham, Sasana ón mbliain 1870 agus do rinne siad a chéad fheadóg sacar i 1884. Déirtear gur Nottingham Forest a thog suas an chéad fheadóg sacar nuair a dhiúltaigh Aston Villa é. Go minic bíonn níos mó ná saghas amháin fheadóg ag an réiteoir go háirithe nuair atá ar nós cúpla cluiche ag tharla ar bpáirceanna atá taobh le taobh. An bhfúil fhios agat roimh úsáid an fheadóga siar sna 1800í bhí ar an réiteoir ciarsúr a croitheadh san aer chun imirt cháidheach a cuir in iúl?
Caithfaidh an fear atá i gceannas an gcluiche bheith réidh chun séideadh aon am i rith an chomórtas ach cuireann sé isteach ar gach éinne nuair a tharlaíonn sé seo ró-mhinic san imirt. Tá bothar caol uaireanta idir séideadh ró-mhinic is séideadh ró-annamh. Chun an fheadóg a cóiméad daingean tá ceangal feadóige tábhachtach (le rogha dhathanna) mar an lúb láinnéir muiníl, an lúb láinnéir rosta agus an greama méire. Caithfaidh an fheadóg bheith uiscedhíonach, fíor doscriosta agus iontaofa. Sa seanam nuair a bhí pis san fheadóg uaireanta do gréim sé istigh san fheiste agus níor tháinig aon fuaim ar bith amach is an réiteoir ag séideadh. Ceapaim féin go bhfuil sé fós ag tharla is mé ag screadaigh ar son pionóis do foireann Átha Luain is an fheadóg sin ina thost!
Séideann an réiteoir an fheadóg chun:
- Chuir tús leis an imirt, chead/dara leath, taréis cúl
- Stopadh an imirt, saorchic nó cic pionóis, má tá an cluiche a fhionraí nó cuir deireadh le, nuair atá tréimhe imirt thart
- Atosú imirt ag saorchic chun an balla a cuir siar an méid ceart, cic pionás
- Atosú imirt nuair atá stopadh as ucht eisiúint cárta buí nó cárta dearg, gortú, ionadaíocht
Ní féidir liom i gcónaí dul chuig cluichí nuair atá Áth Luain ag imirt agus mar sin níl an dara rogha agam ach bheith ag brath ar nuacht an raidió, Aertel nó le déanaí iSTAT agus a thuairiscí chun dáta ar an t-idirlíon. An fadhb is mó faoi seo ná níl tú in ann an réiteoir a fheiceáil ná an fheadóg a cliosteáil. Bíonn mé mar fear as mo mheabhair is mé ag fanacht don séid deireanach sin nó ag guí le níos mó ama. Chun athrí a dhéanamh ar na hama sin is cluasa an réiteora trí thine le mo chuid focail seo mo liosta amhráin dóibh:
- The Referee - The Quotes
- About Time - Cathy Davey
- Blow your whistle - DJ Duke












